Menu Gaelige

Éirí Amach na Cásca

Éirí Amach na Cásca- cad é a bhí ann? Cad é tharla i 1916?

Cuireadh in aghaidh smacht na Sasanaigh le 900 bliana. Cé go lean an cos ar bolg ar aghaidh i gcónaí níor ghéill na Gael riamh.

Tír Protastúnach a ba Sasana sa 16ú aois ach d’fhan Éire ina dtír Caitliceach i gcónaí, ainneoin na Péindlithe.

Nuair a theip ar Éirí Amach ’98, brúdh Acht Aontas ar an tír i 1801. Mar gheall ar sin bhí Éire ina cuid den Ríocht Aontaithe in éineacht le Sasana, Alba agus An Bhreatain Bheag.

Bhí cosc ar An Ghaeilge sna scoileanna, cúirteanna, clárú breitheanna agus básanna agus cúrsaí gnó. Go héifeachtach, bhí sí eisreachtaithe.

Tubaiste a bhí i rialtas Westminster do na hÉireannaigh. Ghoid na Sasanaigh táirgí na tíre, go mór mór bia, sa dóigh go fuair 1.5 milliún duine bás den ocras 1845-1851 agus b’éigin do milliún eile an tír a fhágáil go deo. Gaeilgeoirí ab ea iad. Tá daonra na tíre íseal ó shin agus Béarla an príomh-teanga ann.

Bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1893 agus bhí an cuid is mó den ceannairí san Éirí Amach na Cásca ina mball de.

Rinne na hÉireannaigh iarrachtaí eile saoirse a fháil, le Éirí Amach na Cáscá 1916 an bhuaic.Glac na réabhlóidí sealbh ar foirnimh suntasach, mar an GPO, sa lár na cathrach. Anseo a fógraíodh Poblacht na hÉireann.

Mhair an troid seachtain, le beagnach 500 duine marbh agus cuid den cathair scriosta. Cuireadh chun báis 15 ceannaire agus díbríodh na réabhlóidí eile go campa Frongoch sa Bhreatain Bheag.

D’éirigh bá i measc an phobal tar éis bás na gceannairí. Cuireadh fáilte mór roimh na príosúnaigh nuair a d’fhill siad go Baile Átha Cliath ó Frongoch i 1917.

Bhí rath ar an feachtas míleata a bhí ag an IRA agus gheall rialtas na Breataine an tír a fhágáil.

Bhí iar-phríosúnach Frongoch, Micheál Ó Coileáin ina cheannaire ag na cainteanna leis an rialtas i Londain i 1921. Ní bhfuair Ó Coileáin ach saoirse do chuid den tír. D’fhán Éire mar cuid den Impireacht na Breataine agus na Sé Chontae mar cuid den Ríocht Aontaithe.

Brath a bhí ann do a lán Éireannaigh agus lean siad ar aghaidh leis an troid ar son na poblachta.

Tosaíodh cogadh na gcarad i 1922 agus sa deireadh bhí bua ag lucht an saor stat.

An impireacht a ba bhó agus ba láidre ar an domhain a bhí san Impireacht na Breataine roimh Éirí Amach na Cásca 1916. Spreag sé daoine san Aifric agus an Áis chun troid ar son na saoirse .40 bliana ar aghaidh bhí an cuid is mó de na coilíneachtaí thar lear caillte ag impiriúlaithe na hEorpa.